Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show.
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Labhraíonn Niall Mac Eoghain, duine de na ‘Faithfuls’ ó ‘The Traitors’ ar RTÉ, le Cuán faoina thaithí ar an tsraith, agus faoin tionchar a bhí ag an gclár air.
Tugann Andy Caomhánach léargas cuimsitheach dúinn ar shábháilteacht ar líne, na dainséir atá amuigh ansin ar an t-idirlíon agus conas muid féin a chosaint.
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi Trump agus na meáin chumarsáide i Meiriceá, an t-athrú gearrthéarmach a tháinig ar cé hé nó hí an duine is saibhire ar an domhan, an Rás Uachtaránachta in Éirinn, an méid atá ag titim amach leis na Soc Dems, Na Traitors agus go leor eile.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine, bua ag An Ghaeltacht, dornálaíocht, rásaíocht agus go leor eile.
Labhraíonn Conchubhair Ó Liatháin le Cuán faoina ról nua le Journal.ie agus faoin bhfás agus athrú atá tágtha ar na meáin trí Ghaeilge.
Labhraíonn Neil Farren le Cuán faoin gcinneadh atá glactha ag Éire (thar ceann RTÉ), an Spáinn agus an Ísiltír diúltiú bheith sa Chomórtas Eoraifíse an bhliain seo chugainn, má ligtear don Iosrael bheith san iomaíocht.
Labhraímid le hEoin Ó Catháin faoi stampa Westlife, buairt faoi go bhféadfadh cogadh domhanda tarlú, marú Charlie Kirk agus an scéal is déanaí faoi na Murdochs.
Buaileann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi bheith ag filleadh ar thraenáil iomrascála, an chéad scannán Mad Max ó 1979 agus conas a léirítear fadhbanna faoi íomhá coirp d'fhir i Materialists.
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Labhraímid le Sinéad Ní Uallacháin faoin leagan Éireannach de The Traitors agus an misneach a fhaighimid as a bheith in ann cláracha teilifíse a phlé le daoine eile.
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi bhua na Rinne sa Chraobh Idirmheánach Iománaíochta, lucht féachana óg ag breathnú ar Rory McIlroy sa ghalf, foireann sacar na bhfear ag cailliúnt i gcoinne na hAirméine agus lúthchleasaithe na hÉireann sna Craobhacha Domhanda.
Cad a dhéanfá dá mbeifeá i d'Aire Oideachais? An bhfuil ár gcóras oideachais maith a dhóthain? Ar cheart deireadh a chur le hobair bhaile? Pléimid na ceisteanna seo le Lelia Ní Chinnéide (Iarmhúinteoir i Scoil Bhríde), Rónán Ó hIcí (Oifigeach Gaeilge Aontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann) & Osgur Ó Ciardha (Bunaitheoir Fios Ceirde).
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Labhraímid le Rónán Mistéil faoi leabhar nua Keith McNally, 'I Regret Almost Everything'.
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Jim Gavin ag rith don Uachtaránacht agus cás Eileen Gleeson i gcoinne an FAI.
An raibh "Silly Season" againn i mbliana? Cé atá ag rith don Áras? An deachtóir é Trump? Ar cheart do ghealltanas pósta Taylor Swift agus Travis Kelce a bheith ina cheannlíne nuachta? Cuirimid na ceisteanna seo ar fad ar Ghráinne Ní Aodha.
Labhraímid le Julie Jay faoin deacracht atá ag tuismitheoirí teacht ar spásanna i naíonraí agus cúram leanaí i ndiaidh am scoile, chomh maith leis an mbealach a bhfuil sí féin ag dul i ngleic le filleadh ar an scoil mar mhúinteoir agus beirt pháistí óga aici.
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu agus éisteacht leo an tseachtain seo.
Labhraímid le Louisa Ní Éideáin agus Síomha Hennessy faoina seónna ag Fringe Bhaile Átha Cliath i mbliana, a gcuid taithí le Fringe Dhún Éideann roimhe seo agus a gcuid tuairimí faoi earnáil na fuirseoireachta trí chéile. Is féidir ticéid a cheannach le haghaidh 'Building Character' le Síomha Hennessy sa Grand Social ar an 11ú Meán Fómhair anseo: https://fringefest.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173661631/events/428694307 Is féidir ticéid a cheannach le haghaidh 'PerfectionisTÁ' le Louisa Ní Éideáin i Smock Alley ón 16ú go dtí an 20ú Meán Fómhair anseo: https://fringefest.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173661559/events/428693893
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Man United ag streachailt arís agus bainisteoirí CLG idirchontae ag athrú.
Labhraímid le hEmmet Ryan faoina chlár faisnéise 'Sióga' faoin gclub cispheile LADTA+ Shamrock Sióga, éide scoile, AI, Wendy's agus Taco Bell ag oscailt in Éirinn agus Gavin Newsom ag éirí níos fíochmhaire le Trump. Beidh Sióga ar taispeáint san Outhouse i mBÁC ag a 7pm inniu agus an clár ag dul amach (Dé hAoine 22 Lúnasa) agus is féidir breathnú air ar Youtube ag an nasc seo freisin: https://www.youtube.com/watch?v=wDtww-Wh3fw&ab_channel=BallinEurope
Fógraíodh sceideal nua TG4 ar an Luan - labhraímid le Síomha Ní Ruairc faoi na cláracha is mó a bhfuil sí ag súil leo chomh maith leis an bhfás atá tagtha ar Cúla4 le blianta beaga anuas.
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu agus éisteacht leo an tseachtain seo.
Arbh fhearr leat freastal ar cheolchoirm i staid mhór nó in ionad níos lú? Pléimid an cheist seo le Sinéad Ní Scolaí.
An bhfuil maitheas leis na hóráidí a thugann na captaein i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachaint? An bhfuil óráid ó chraobh ar leith a thaitin leat? Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi seo, chomh maith le Hurling For Cancer, Cluiche Ceannais Chraobh Chamógaíochta na hÉireann, ainmneacha ar staid Oilimpeacha agus John Giles ag éirí as an gcraoltóireacht. Is féidir tacú fós le Hurling For Cancer ag an nasc seo: https://www.idonate.ie/p/event/HurlingForCancerresearch