
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show.
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Clár lán go béal le spóirt, scéalta nuachta, moltaí teilifíse agus neart eile le Sinéad Ní Uallcháin, Daragh Ó Conchúir, Emmet Ryan agus Shane Ó Coinn ón bhfeachtas Gaeilge4All ar Splanc ar Newstalk le Cuán Ó Flatharta
Láithreoir nua ar an Late Late Show, Joe Biden ag teacht go hÉirinn, Holly Cairns mar cheannaire nua na Daonlaithe Sóisialta - sin roinnt de na scéalta nuachta atá a phlé ag Katie Whelan. Labhraíonn Conall Mac Dhonnagáin faoin méid a thit amach ag na hOscars agus cloisimid uaidh faoi March Madness sa chispheil. Faighimid léargas iontach ar chúrsaí spóirt ó Daragh Ó Conchúir, agus insíonn Áine Gallagher dúinn faoina seó nua 'For the Love of Milseáin'. Neart le plé ag Cuán Ó Flatharta ar Splanc ar Newstalk!
First Dates - an rachfá ar choinne ar an teilifís? Rinne Aisling Ní Chatháin é agus í anseo le hinsint dúinn faoi! Labhraíonn Aisling Ní Dhonnabháin linn faoi mhuintir na hÚcráine atá ag tabhairt faoi rangannna Gaeilge le Conradh Gaeilge, agus tá Peadar Ó Caomhánaigh linn don uair dheireanach lena Thaisceadán Cultúrtha. Daragh Ó Conchúir le cúrsaí F1 agus scéalta spóirt, Eoin Ó Catháin ar an bPáirtí Glas agus Polaitíocht Mheirieá. Neart le plé ag Cuán Ó Flatharta ar Splanc ar Newstalk!
An tseachtain seo labhraíonn Ciarán Mac an Bhaird faoi Fiontar agus cúrsaí tríú leibhéil trí Ghaeilge chomh maith le príobháidiú áiseanna poiblí, tá Micheál Ó Nualáin ó BÁC le Gaeilge linn le labhairt faoi deiseanna gnó le Gaeilge, Rónán Mistéil agus a léirmheas ar Daisy Jones - agus Roald Dahl - agus tá Rebel Devil Daragh Ó Conchúir linn le labhairt faoi Leo Cullen agus cúrsaí sacair
Ar Splanc na seachtaine le Cuán Ó Flatharta: Sinéad Ní Uallacháin ag caint ar Pamela, Eastenders agus Extraordinary - agus 25 bliain de Titanic. Emmet Ryan ag míniú athruithe nua META, Breatimeacht, agus Beoir na Míosa. Caitlín Nic Aoidh faoina taithí ar an gcairpéad dearg ag labhairt leis na réalta, Angus Lamkin ag labhairt ón Tuirc, áit a bhfuil sé ag cabhrú le daoine ar an láthair, agus Daragh Ó Conchúir ar chúirsaí sacair, CLG agus John Motson.
Ar Splanc na seachtaine tá gach rud ó UFOs go Liam Brady idir chamáin ag Cuán agus aíonna na seachtaine: Gráinne Ní Aodha le scéalta na seachtaine, Jade Pepper ó Chabáiste Cabaret, Conall Mac Dhonnagáin agus caint faoi na romcoms is fearr leis, agus Daragh Ó Conchúir ar Liam Brady agus cúrsaí rugbaí. Labhair linn! Splanc@Newstalk.com, nó @splancnewstalk ar Twitter!
An tseachtain seo ar Splanc tá chuile rud ó Abba Voyage go Joe Biden á phlé le hEoin Ó Catháin, dea-scéalta na seachtaine le Seán Ó Dubhchon, amhráin frithghrá do lá Vailintín le hEmma Ní Chearúil, agus anailís spóirt na seachtaine le Daragh Ó Conchúir
Splancfhéachaint ar scéalta na seachtaine le Katie Whelan, Daragh Ó Conchúir ag plé an spóirt agus cás na hathimeartha mar a bhí an tseachtain seo, Oscars 2023 le Conall Mac Dhonnagáin, agus
Ar Splanc na seachtaine: conas gnó a bhunú le hÉadaoin Nic Mhuiris, Banríon na Siamsaíochta Sinéad Ní Uallacháin, spóirt le Daragh Ó Conchúir, agus Emmet Ryan leis na scéalta ó chumacht núicléach go Jacinta Arden. 🎧Éist anseo nó @GoLoudApp https://www.newstalk.com/shows/splanc-234889
An tseachtain seo le Cuán ar Splanc: Ciarán Mac an Bhaird le scéalta na seachtaine, Rumours le Fleetwood Mac idir chamáin ag Cuán agus Emma Ní Chearúil, Daragh Ó Conchúir ag plé cúrsaí spóirt ón rugbaí go F1, agus leideanna grianghrafadóireachta don té ar mhaith leo triail a bhaint as rud éicint nua in 2023 le Tom Douglas. Labhair linn ar Twitter @SplancNewstalk nó seol teachtaireacht chuig splanc@newstalk.com
Labhraíonn Gráinne Ní Aodh (PA Media) agus Eoin Ó Catháin (RTÉ) le Cuán Ó Flatharta faoi stádas na tíre agus muid ag tabhairt faoi 2023, agus caitheann Daragh Ó Conchúir súil chun cinn ar spóirt na bliana seo amach romhainn. Tá moltaí leabhair ag Rónán Mistéil, agus leideanna ag Kathryn Mullan (Sílim That) maidir le dea-nósanna a chothú don athbhliain - agus am ar bith!
San eagrán seo cuireann Cuán agus Aindriú a liostaí de na 'themetunes' is fearr leo ón teilifís, agus roinneann Éadaoin Nic Mhuiris, Hugh Carr agus Sinéad Ní Uallacháin a gcuimhní cinn ó Nollaig 2022 san eagrán deireanach seo den bhliain. Go raibh Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise agaibh go léir!
Súil siar ar scéalta nuachta agus scannail ar thug Eoin Ó Catháin suntas dóibh i mbliana, popchultúir 2022 le Conall Mac Dhonnagáin, na scannáin agus sraitheanna ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar Shinéad Ní Uallacháin agus Gradaim Spóirt Splanc na Bliana le Daragh Ó Conchúr!
Le Cuán an tSeachtain seo tá Emmet Ryan le nuacht na seachtaine agus beor na Nollag, Éadaoin Nic Mhuiris le moltaí d'Oíche Chaille, Rónán Mistéil agus moltaí leabhra a bhféadfaí ceannach mar fhéiríní Nollag, agus Daragh Ó Conchúir ag caitheamh súil siar ar an gCorn Domhanda go dtí seo!
Ar an gclár le Cuán tá Martha Dalton ag caint ar bhuaiceanna an Stáit le 100 bliain, roghnaíonn Aindriú de Paor na hamhráin Nollag is fearr leis, tá leideanna cócaireachta don Nollag ag Doireann Bhreathnach, scéalta spóirt le Daragh Ó Conchúir agus scéalta nuachta le hEoin Keane.
Ar Splanc ar Newstalk le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Ciarán Mac an Bhaird ar an tseachtain oibre agus ar albam Taylor Swift (!!), osclaíonn Emma Ní Chearúil a Spotify Wrapped ar an aer, roinneann Sinéad Ní Uallacháin a rogha scannán Nollag, agus tá plé ag Cuán agus Daragh ar an gceist: ar chóir go mbeadh bainisteoirí agus imreoirí ina n-anailíseoirí agus tráchtairí spóirt?
Sa stiúideo le Cuán an tseachtain seo tá Hugh Carr le scéalta na seachtaine (An Toy Show, Black Friday, Richard Grogan, agus dlíthe maidir le gunnaí i Meiriceá ina measc), Póilín Nic Géidigh ag réiteach na faidhbe a bhíonn ann an t-am seo den bhliain: céard ar chóir ceannach don Santa Rúnda? Leabhar nua Davey Nutrition á phlé ag Rónán Mistéil, agus Daragh Ó Conchúir linn ag caint ar an gCorn na Domhanda - ar agus as an bpáirc. Labhair linn ar Twitter nó ag splanc@newstalk.com!
Sa stiúideo le Cuán Ó Flatharta tá Eoin Keane le scéalta na seachtaine, scéal Vicky Phelan ina measc. Siothrún Sardina ag míniú céard go díreach atá i gceist le Lá an Altaithe, Daragh Ó Conchúir ag plé Michael Murphy agus an Corn Domhanda, agus moltaí teic ag Emmet Ryan don té atá i mbun shiopadóireacht na Nollag!
An tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá Katie Whelan agus Gráinne Ní Aodha ag plé Twitter, aistriú an Rialtais, clúmhilleadh; Eoin P Ó Murchú ag caint ar nuálaíocht na n-ealaíona Gaeilge agus IMRAM; Cóisirí Nollag agus conas iad a eagrú le hÉadaoin Nic Mhuiris; agus an gcuireann ceol borradh faoi chluichí spóirt? Daragh Ó Conchúir leis an bhfreagra.
Mórscéalta na seachtaine le hEmmet Ryan, mórócáidí spóirt le Dargh Ó Conchúir, Úcránaigh ag foghlaim na Gaeilge le Conradh na Gaeilge, agus Taisceadán Cultúrtha le Peadar Ó Caomhánaigh
Hugh Carr le scéalta na seachtaine - Give Us The Night, léirsithe comhshaoil - Doireann Ní Ghlacáin le nósanna na Samhna, Emma Ní Chearúil ag caint faoi Arctic Monkeys, Pól Ó Murchú ag míniú dlíthe nua maidir le heolas uchtaithe, agus cricéid agus cúrsaí spóirt le Daragh Ó Conchúir!
Ar Splanc le Cuán Ó Flatharta tá Ciarán Dunbar le cúrsaí na Breataine agus na hÚcráine a phlé, tá oidis an fhómhair á roinnt ag Doireann Breathnach (blagálaí bia @foodoir_ ar Instagram), tá leabhar nua John Boyne á phlé ag Rónán Mistéil, agus cúrsaí spóirt le Daragh Ó Conchúir.
Ar Splanc le Cuán Ó Flatharta tá Eoin Keane le mórscéalta na seachtaine, Emma Ní Chearúil le conspóid is déanaí Kanye, Peadar Ó Caomhánaigh ag cur An Cailín Ciúin agus Murder, She Wrote sa Taisceadán Cultúrtha, agus foireann sacar na mban á phlé ag Daragh Ó Conchúir! Labhair linn ar Twitter @SplancNewstalk nó Splanc@newstalk.com
Le Cuán Ó Flatharta ar Splanc na seachtaine tá Banríon na Siamsaíochta Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix, Ciarán Mac an Bhaird agus Gráinne Ní Aodha linn ar phainéal na míosa le Liz Truss, Buiséad 2023, agus an saol iar-Chóibhide a phlé, Daragh Ó Conchúir ag caint ar spreagadh sa spórt, agus míníonn Emmet Ryan an USB-C agus an nasc idir Kim K agus crypto...!