
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show.
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Labhraíonn Cuán le hUrsula Savage faoi Super Tuesday agus cúrsaí polaitíochta, le hEmma Ní Chearúil ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, baill den Chomhairle Craiceáilte faoin bhfís nua atá ag an gComhairle Cathrach i leith ne Gaeilge agus le Daragh Ó Conchúir faoi na capaill!
An tseachtain seo labhraíonn Eoin Ó Cátháin faoi RTÉ, Toghchán Uachtaránachta Mheiriceá agus Kate Middleton, Aoife Granville faoi chás Kneecap le Comhairle Ealaíon na Breataine, Louisa Ní Éideáin faoi easpa scéalta nua i scannáin agus teilifís agus Willy's Chocolate Experience i nGlaschú agus Daragh Ó Conchúir faoi Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael.
Tá dhá leabhar léite ag Rónán agus Cuán an tseachtain seo - Small Things Like These agus So Late In the Day le Claire Keegan! Glac páirt i gClub Leabhar Splanc uair sa mí - leabhar mhí an Mhárta ná The Bee Sting le Paul Murray.
An tseachtain seo labhraíonn Eagraí Polataíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta Cuan Ó Seireadáin ar chathair Bhleá Cliath agus na forbarthaí ar mhaith leis a fheiceáil inti, Katie Whelan ar Metrolink, boscaí Telefóin, agus Barbie ar an Ardteist, Rónán Mistéil agus Club Leabhar Splanc ag plé leabhra Claire Keegan, agus tá Daragh Ó Conchúir ag plé comhcheangal LGFA agus camógaíocht.
Mórscéalta na seachtaine le Emmet Ryan, cúsaí sacar le Peadar Breathnach, mír ceol le Emma Ní Chearúil agus mír an spóirt le Daragh Ó Conchúir
Eoin Ó Catháin, Conall Mac Dhonnagáin, Sorcha Grieswood agus Daragh Ó Conchúir ar an gclár ag caint ar na scéalta is spéisiúla atá i mbéal an phobail go dtí seo i mí Feabhra
Katie Ní Fhaoláin, Louisa Ní Éideáin, Gráinne Ní Aodha agus Daragh Ó Conchúir linn an tseachtain seo le spórt, scéalta, siamsaíocht agus stair na féile Bríd - buaicphointí uile na seachtaine anseo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta!<a href="mailto:splanc@newstalk.com">splanc@newstalk.com</a>
Ursula Ní Shabhaois le scéalta polaitíochta - agus scannánaíochta - na seachtaine, Kate Demolder mar gheall ar an druga Ozempic agus a úsáid, Rónán Mistéil agus Club Leabhar Splanc ar DaVinci Code, agus Daragh Ó Conchúir maidir leis na Sé Náisiúin
Bhí sé thar am againn a phodchraoladh féin a thabhairt do Chlub Leabhar Splanc. Bí linn uair sa mí le Rónán Mistéil agus Cuán Ó Flatharta. Léigh na leabhra linn, agus labhair linn ag <a href="mailto:splanc@newstalk.com">splanc@newstalk.com</a> le do thuairimí a roinnt linn!Leabhra Feabhra: Small Things Like These agus So Late in the Day le Claire Keegan
Pléann Emmet Ryan scéalta na seachtaine le Cuán; faighimid léargas ó Cholm Mac Gearailt ar fheachtas stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge agus iad ag iarraidh craolacháin i nGaeilge 50 bliain ó shin; insíonn Sinéad Ní Uallacháin dúinn faoi na cláir theilifíse is fearr faoi láthair; agus tá Daragh Ó Conchúir ag déanamh cur síos ar an méid atá ag titim amach sa spórt.
lenár gcara Daragh Ó Conchúir
Labhraíonn Eoin Ó Catháin mar gheall ar Epstein, Trump agus saol na nGael; míníonn Seosamh Mac Seoin mar a d'athraigh sé a shaol trí bhogadh go Nua Eabhrac le tabhairt faoin aisteoireacht - agus ar ais go hÉireann arís le bheith ina láithreoir agus cruthaitheoir scannán!; d'fhreastail Emma Ní Chearúil ar The Friends Experiece agus labhraíonn sí faoi chumhá na 90dí, Sopranos agus 'generation wars', agus tá Cárthach Bán Breathnach linn leis an spórt agus scéal Bill Belichick!Irischlár na Gaeilge ar Newstalk le Cuán Ó Flátharta
Athbhliain faoi mhaise! Fáilte ar ais go Splanc 2024 - sa gcéad eagrán seo breathnaíonn Gráinne Ní Aodha agus Cuán Ó Fátharta chun cinn ar mhórscéalta agus toghcháin a thitfidh amach i 2024; tugann Conall Mac Dhonnagáin léargas ar na buaicphointí popchultúir lenar féidir linn a bheith ag súil; agus Nollaig na mBan ar an tsúil labhraíonn Katie Whelan ar chúigear ban ar chóir dúinn ceiliúradh; agus ainmníonn Daragh Ó Conchúir imreoirí spóirt na bliana 2023!
Súil siar ar na leabhair ba mhó a thaitin lenár léirmheastóir
Caitheann Cuán súil siar ar scéalta 2023 anocht le cúnamh roinnt dár gcomhfhreagraithe: teicneolaíocht na bliana le hEmmet Ryan, albaim 2023 le hEmma Ní Chearúil, mórscéalta spóirt le Daragh Ó Conchúir, agus leabhra na bliana le Rónán Mistéil - AGUS spreagadh don athbhliain ó Sheán Ó Dubhchon a labhraíonn faoina aistear aclaíochta i 2023!
Súil siar ar mhórscéalta agus popchultúr na bliana le Louisa Ní Éideán. Conall Mac Dhonnagáin agus Rónán Mistéil le moltaí léitheoireachta Nollag, agus leabhra a bhféadfaí ceannach ag an nóiméad deireanach don Nollaig, agus Daragh Ó Conchúir le spóirt na seachtaine seo.
Pléann Ciarán Mac an Bhaird an cheist faoin moladh atá ann tús a chur le córas onóir in Éirinn agus faighimid léargas ar scéalta móra na seachtaine uaidh; insíonn Ursula Ní Shabhaois dúinn faoin méid atá ag titim amach leis an bPáirtí Coimeádach sa Bhreatain; tá moltaí iontacha ag Conall Mac Dhonnagáin maidir leis na sraitheanna is fearr ar Netflix don Nollaig; agus labhraíonn Darragh Ó Conchúir le Cuán faoi fhlaithiúlacht JP McManus agus na scéalta móra eile.
An tseachtain seo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Emmet Ryan leis faoi na scéalta mór nuachta, déanann Kate De Molder cur síos ar agallamh a rinne sí le Mary Robinson faoin ngéarchéim aeráide, faighimid amach faoin bhfeachtas do Ghaelcholáiste nua i lár na cathrach, chomh maith le siamsaíocht na Nollag uaithi; agus tá scéalta spóirt a phlé le Daragh Ó Conchúir, GAAGo agus dornálaíocht ina measc.
An tseachtain seo le Cuán Ó Flátharta tá Hugh Carr le scéalta nuachta, Katie Ní Riain le moltaí siopadóireachta don Nollaig, Doireann Breathnach le miasanna agus bia na Nollag, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannáin do chuile dheireadh seachtaine as seo go dtín Nollag agus Daragh Ó Conchúir ag caint ar gheansaithe peile agus spóirt na seachtaine.
Meascán mearaí ar chlár na seachtaine seo: na mórscéalta nuachta ó RTÉ go drochaimsir á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, comhfhreagraí nua Ursula Ní Shabhaois ag míniú.. cé hí Suella Braverman? Plé ar 'greenwashing' nó snas glas agus éadaí athláimhe le bunaitheoir Thriftify Rónán Ó Dálaigh, Amhrán na Bliana ag na Grammys le Emma Ní Chearúil agus na geansaithe is fearr le Daragh Ó Conchúir sa gcúinne spóirt!
An bhfuil do phasfhocail slán? Tá Tom Douglas anseo le rá linn... gur dócha nach bhfuil! Eoin Ó Catháin ag caint ar na Gradaim Chumarsáide, an comhthionól le gairid maidir le drugaí in Éirinn agus neart eile. Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix agus teilifíse, agus Daragh Ó Conchúir leis an rugair agus spóirt eile - ar fad sa stiúideo le Cuán Ó Flátharta!
An tseachtain seo tá Frank Reidy ar ais leis an scéal is déanaí maidir le Gaza agus Iosrael, tá Daragh ag míniú a tharla d'Éire sa rugair, Rút Ní Theimhneáin le dea-scéalta na seachtaine, Louisa Ní Éideáin ag caint ar Mhí Feasachta i leith ADHD, Britney Spears, agus Beckham ar Netflix, agus labhraíonn muid le Liam Carson, Stiúirthóir IMRAM faoina shaol, a shaothair, agus an fhéile litríochta
Ar Splanc na seachtaine seo labhraíonn Gráinne Ní Aodha le Cuán Ó Flátharta faoin mbuiséad agus faoin mbréagnuacht ar líne, míníonn Frank Reidy atá ag tarlú idir Iosrael agus An Phailistín, ceacht cánach le Colm Ó Fatharta a mhúineann dúinn conas ár nduilíní pá thuiscint, roghnaíonn Aindriú de Paor na scannáin chompoird is fearr leis ó Sister Act go School of Rock, agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis an scéal spóirt is déanaí ón bhFrainc
Tá Cuán ar ais sa gcathaoir agus sa stiúideo leis tá Emmet Ryan ón Business Post leis na scéalta atá i mbéal an phobail, Deirdre Ní Chearúil dár líonadh le spiorad an fhómhair, leabhar Fintan O'Toole á phlé ag Rónán Mistéil, agus scéalta spóirt na seachtaine le Cárthach Bán Breathnach
Le Cuán an tseachtain seo tá láithreoir na sraithe nua Grá ar an Trá Síomha Ní Ruairc, Katie Whelan le scéalta na seachtaine, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannán ar chóir don teaghlach breathnú orthu le chéile, agus Daragh Ó Conchúir ag ainmniú aintiúin nua spóirt ar chóir chasadh ag na cluichí! Sin agus tuilleadh ar an bpodchraoladh. Lean muid agus cuir leis an gcomhrá @splancnewstalk ar Twitter agus Instagram