
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show.
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Labhraíonn Máire Éilis Ní Fhlatharta le Cuán faoi Ros na Rún ag 30.
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha, idir leabhair, ceol, scannáin agus go leor eile.
Labhraíonn Méabh NÍ Choileáin le Cuán faoina cuid leabhair 'From The Stop, Sally Flynn' agus 'Freya Harte is Not A Puzzle'.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine - an Corn Domhanda, CLG, rugair agus neart eile.
Labhraíonn Gráinne Ní Aodha le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine - na fothoghcháin agus cá seasann na páirtithe ar fad; an scéim 'bottle return'; uachtaránacht an AE; agus na uachtair reoite is fearr.
Labhraíonn Joe Mac an Fháilí ó Spórtúil le Cuán faoin traenáil meácháin, agus faighimid léargas ar na buntaistí a bhaineann leis do gach aoisghrúpa agus cineál duine, agus conas tús a chur le haistear sa giom.
Tá moltaí den scoth ag Cuán an tseachtain seo - leabhair, cláir agus scannáin, áiteanna, ceol agus uachtar reoite!
Labhraíonn Niamh Ní Dhrisceoil le Cuán faoi Oileán Chléire agus saol ar oileán.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine - Jim McGuinness agus Dún na nGall V Ciarraí; Laighean; agus Fitzy ar Love Island.
Bhí Julie ar thaithí oibre linn an tseachtain seo, agus labhair sí le Cuán ar Splanc faoi na meáin, ceol, leabhair, agus go leor rudaí eile.
Labhraíonn Eoin Ó Catháin le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine - Gaeilge agus 'slíbhín' sa Dáil; intleacht shaorga; RTÉ; costas maireachtála; leabhair agus go leor eile.
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha - leabhair, amhráin, scannáin, áiteanna agus go leor eile.
Labhraíonn Kerron Ó Luain le Cuán faoina leabhar Cath idir an pobal agus an Murder Machine: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023.
Labhraíonn Dónall Mac Ruairí le Cuán faoi shaothar agus albaim Clann Mhic Ruairí, agus an méid a bheidh ar siúl acu i rith an tsamhraidh.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine.
Labhraíonn Rónán Ó Muirthile le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine: air-tagging ar pháistí, brú a bhaineann leis an ardteist agus pointí CAO, Keir Starmer agus go leor eile.
Labhraíonn Rónán Mistéil le Cuán faoi agóid a rinneadh mar gheall ar 'Stephen's Green Shopping Centre', agus pléitear an cheist "Cén fáth nach féidir linn rudaí deasa a bheith againn?" in Éirinn.
Tugann Cuán moltaí iontacha dúinn, idir cheol, leabhair, áiteanna le dul, agus go leor eile.
Labhraíonn Muirgen O'Mahony le Cuán faoina EP nua 'Loinnir', a saothar ceoil agus cumadóireachta, agus a saothar le Celtic Woman.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine.
Labhraíonn Angus Lambkin le Cuán faoin obair dhaonnúil atá á dhéanamh aige sa Mhicrinéis, géarchéimeanna dhaonnúla timpeall na cruinne, cumhacht núicléach agus cá bhfuilimid mar dhomhan?
Tá an samhradh tagtha! Labhraíonn Louisa Ní Éideáin agus Cuán faoi chuimhní agus tsamhraidh, agus roghnaíonn siad amhráin an tsamhraidh do 'mhixtape' speisialta a bheidh a roinnt againn.
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha - leabhair, scannáin, ceol ó scannáin agus an bhliain 2012 agus go leor eile.
Labhraíonn Dara Ó Cinnéide le Cuán faoina shaol le retinoschisis; faoina thionchar ar a shaol nuair a chaill sé radharc na súile ag 15; agus faoi dul isteach sa spórt agus bua a fháil sa Irish National Blind Tennis Championship.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine, le neart le plé faoin chúrsaí CLG, sacar agus rugair.