
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show.
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi Obama sa 3Arena, árasáin ag éirí níos lú agus Grok ag rá rudaí frith-Ghiúdacha. Tags: planning permission, apartments, Fintan O'Toole, Twitter, Musk, the Ringer, Brian Phillips
Labhraímid le hAndy Caomhánach (Comhairleoir ríomhaireachta agus Léachtóir i dTeicneolaíocht na Faisnéise in Ollscoil na Gaillimhe) faoi na bealaí a bhfuil intleacht shaorga ag déanamh dochar do dhaoine. Tags: artificial intelligence, ChatGPT, Gemini, Grok, Mark O'Connell, Fintan O'Toole, the Ringer, Brian Phillips
Labhraíonn Cuán faoi cad ba cheart daoibh a léamh, breathnú air agus éisteacht leis an tseachtain seo.
Agus muid ag tnúth le cluichí ceannais na hÉireann, labhraímid lenár staraí Cúán de Búrca mar gheall ar stair na gcluichí Gaelacha agus an tábhacht cultúrtha a bhaineann leo. Tags: CLG, GAA, peil, iománaíocht, camógaíocht, Gaelic football, hurling, camogie, history
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir mar gheall ar bhallaí íocaíochta (paywalls) i spóirt éagsúla, imreoirí nach bhfuil ag iarraidh labhairt leis na meáin, na cluichí móra CLG ag an deireadh seachtaine agus bua ag Ben Healy i gcéim Tour de France. Tags: CLG, GAA, peil, iománaíocht, camógaíocht, Gaelic football, hurling, camogie, rothaíocht, cycling, sports, media days
Labhraímid le hUrsula Ní Shabhaois mar gheall ar pholaiteoirí ag gol, cad is agóid mhaith ann agus easpa iarrthóirí don rás Uachtaránachta.
Cén tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas Stáit Aontaithe Mheiriceá anois? Agus cad atá athraithe ann le 250 bliain anuas? Pléimid é seo le hÚna Ní Bhroiméil.
Labhraíonn Cuán faoi cad ba cheart daoibh a léamh, breathnú air, éisteacht leis agus dul chuige an tseachtain seo.
Labhraímid le Sinéad Ní Scolaí faoi cheolchoirmeacha an tsamhraidh go dtí seo agus na cinn is mó atá fós le teacht.
Labhraímid le James Ó Flatharta faoin bhfás atá tagtha ar spóirt Mheiriceá.
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Wimbledon, bainisteoirí sa pheil agus cluichí leath cheannais agus ceathrú ceannais CLG ag an deireadh seachtaine.
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi na hathruithe ar víosaí J1, bainis Bezos i Venice agus na pleananna atá á gcur chun cinn chun forbairt a dhéanamh ar an bpríomhchathair.
Labhraímid le Frank Reidy (Iar-Cheannfoirt Airm) mar gheall ar an gcogaíocht idir Iosrael, an Iaráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an sos cogaidh a fógraíodh eatarthu an tseachtain seo.
Labhraímid le Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge) faoi SEAS 25 agus na nithe atá ag teastáil i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí tithíochta agus sa Cháinaisnéis i mbliana don Ghaeilge.
Pléann Cuán na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.
I gcuimhne ar Brian Wilson, pléimid an t-albam Summer Days (And Summer Nights!!) ó The Beach Boys le hEmma Ní Chearúil.
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoin tseans atá ag Baile Átha Cliath i gcoinne Chorcaí san iomáint, Dún na nGall míshona faoi easpa laethanta idir chluichí, Damien Duff imithe ó Shelbourne agus iomaitheoirí na hÉireann san Irish Derby.
Labhraímid le Rónán Ó Muirthile faoi bhás Henry Mount Charles, na deacrachtaí atá ag tuismitheoirí le páistí a choimeád sábháilte ar líne agus €250 milliún buaite ag duine in Éirinn.
An bhfuil ag éirí le Bród a spriocanna a bhaint amach? Nó an bhfuil an iomarca pinkwashing ar bun ag comhlachtaí móra? Agus conas a théimid i ngleic le trasfhóibe? Labhraímid le Cúnla Morris mar gheall ar mhí an Bhróid agus na nithe atá fós le feabhsú don phobal LADTA.
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.
Buaileann Conall Mac Dhonnagáin isteach le labhairt faoi Mountainhead ar NowTV/HBO, 28 Years Later agus na trilogies is fearr riamh.
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi rialacha á n-athrú sa pheil i lár Chraobhchomórtas na hÉireann, an bealach a mbíonn deacracht ag pearsaí spóirt áirithe len iad féin a spreagadh agus an tionchar a imreoidh bua Laighean i gcoinne na Bulls ar an bhfoireann.
Labhraímid le Proinsias de Poire, Príomhoide Choláiste Eoin agus é ag dul ar scor i mbliana, faoi na cuimhní is deise atá aige óna shaol sa scoil agus lasmuigh de.
Pléimid 'Burn Them Out! A History of Fascism and the Far-Right in Ireland' (scríofa ag Pádraig Óg Ó Ruairc) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.
Labhraímid le Louisa Ní Éideáin faoi fhéilte samhraidh agus faoina seó, Dopa-Mean Girl, a bheidh ar an stáitse ag Fringe Dhún Éideann. Is féidir ticéid a cheannach ag <a href="http://dopameangirl.ie">dopameangirl.ie</a>