
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show.
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Roinn Conall agus Cuán a gcuid tuairimí maidir leis an dara albam de chuid Oasis sula ndeachaigh Conall len iad a fheiceáil i nDún Éideann an tseachtain seo caite.
Táimid ar saoire an tseachtain seo ach éist siar le hanailís albaim ó Emma Ní Chearúil agus Cuán ón uair a ndeachaigh na ticéid ar díol!
Táimid ar saoire an tseachtain seo ach tá moladh ag Cuán daoibh fós!
Buaileann Muiris Ó Cearbhaill isteach sa stiúideó le labhairt faoi Oasis, easpa téacsleabhar i nGaeilge, Dermot Desmond ag rá nár cheart Metrolink a thógáil, listéire, Daonlathaigh ag teitheadh Texas, fógra American Eagle le Sydney Sweeney agus 250 bliain ó rugadh Daniel O'Connell.
Labhraímid le Tessa Fleming faoi rialacha na dtiarnaí talún faoi pheataí agus cad is féidir le tionóntaí le peataí a dhéanamh faoi na rialacha céanna.
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Labhraímid le Connlaith Ní Raifeartaigh, a d'fhreastail ar cheolchoirm Oasis i Manchain, áit arb as don bhanna.
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi scéalta iomrascála a thit amach le cúpla seachtain anuas, Disney agus ESPN ag ceannach cearta craolta Meiriceánacha ar 'Premium Live Events' de chuid WWE agus bás Hulk Hogan ina measc.
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi na himreoirí is fearr sa pheil agus san iománaíocht i mbliana, rialacha a d'fhéadfaí a athrú i bpeil na mban agus Cluiche Ceannais na hÉireann sa Chamógaíocht.
Tá Eoin Ó Catháin linn le labhairt faoi scéalta na seachtaine: amhrán nua CMAT, Eoin Hayes ar ais sna Soc Dems agus na taraifí ina measc.
Gan amhras, is iad Ciarraí laochra an chaid agus Sam imithe ó dheas arís! Ach cad iad na bealaí eile ina bhfuil Ciarraí chun cinn ar gach chontae eile sa tír? Cé níos fearr ná an Kerry Cowboy é féin - Séaghan Ó Súilleabháin - le plé iontach a dhéanamh le Cuán faoin ábhar?
Tugann Cuán neart moltaí dúinn maidir le ceol, teilifís, leabhair, cá háit gur chor dúinn dul agus eile. Agus cad atá ar siúl le huachtar reoite? Téann Cuán siar ar bhóithrín na smaointe ag labhairt faoi na huachtar reoite is fearr a bhí ann ag fás aníos dó.
Labhraíonn Louisa Ní Éideáin le Cuán, agus í ag an 'Edinburgh Fringe', áit ina bhfuil sí ag déanamh cónaitheacht lena seó stáitse Dopamean Girl.
Labhraíonn Seán Ó Dubhchon le Cuán faoi 'Breaking The Band', cláir ceoil réaltachta nua ar Netflix. Cad a dhéanann banna maith? Gheobhaimid amach anseo.
Ciarraí Abú! Bhí an 'Poc ar Buile' sa Ríocht agus an Sam Maguire imithe ó dheas. Cad a tharla do Dhún na nGall? Tugann Daragh Ó Conchúir agus Cuán súil siar ar Chluiche Ceannais na hÉireann.
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi bhás Ozzy Osbourne, €200 billiún fógartha don Phlean Forbartha Náisiúnta, comhaid Epstein, teannas faoi champa samhraidh i gCo an Dúin agus daoine ag cur lámh ar Molly Malone.
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoin scannán nua Superman agus an eite dheis ag éirí feargach faoi.
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Tá Folklore le Taylor Swift 5 bliana ar an bhfód! Labhraímid le Rút Ní Theimhneáin faoin albam, faoin am ar eisíodh é agus faoin tionchar a bhí aige.
Labhraímid faoi Chraobh Peile na hÉireann agus bua Scottie Scheffler san Open le Daragh O Conchúir.
An bhfuilimid in ann sos a thógáil i rith an tsamhraidh a thuilleadh? Pléimid é seo, chomh maith le tithe tábhairne ag dúnadh, AI san iriseoireacht agus iarrthóirí do rás Uachtaránachta na hÉireann le Gráinne Ní Aodha.
An bhfuil turasóireacht na hÉireann ag brath an iomarca ar an aimsir? Pléimid é seo le Jamie Ó Flannúra.
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Pléimid The Thursday Murder Club (scríofa ag Richard Osman) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Ben Healy sa gheansaí buí ag an Tour de France, ráiteas Scottie Scheffler ag an Open sa ghalf agus Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.